← Dúirt sé ansin: "A Fhinn Mhic Chumhaill", ar seisean, "tá cuireadh dinnéir agam á thabhairt duit féin agus d'Fhianna Éireann". 🔊✎
← Ní dúirt Fionn a thuilleadh leis ansin ach go rachaidís. 🔊✎
← Dúirt Fionn nár itheadar agus gurbh iad na gadhair a thug leo arís é. 🔊✎
← "Sea, a Fhinn Mhic Chumhaill," a dúirt sé, "an bhfuil aon scéal agat ag imeacht nach raibh agat ag teacht?" 🔊✎
← Dúirt Fionn leis go raibh. 🔊✎
← "Sin í an óige", arsa an Fairceallach, "agus d'inis sí an ceart duit, mar nuair a bhí sí agat," a dúirt sé, "lig tú uait í agus tá tú críonna, caite, claoite anois." 🔊✎
← "Inis dom anois", arsa Fionn, "cé hé an seanduine liath a bhí sa chúinne nuair a dúirt tú leis smacht a chur ar na sé ghadhar, gur fhéach sé lena dá súil orthu agus gur mharaigh sé iad?" 🔊✎